04 Samhain 2009

2 lectures with Anglican Chaplaincy- Dhá léacht i gcomhar leis an tSéiplíneacht Anglacánach



Lectures in association with Anglican Chaplaincy- 11 & 18 November

Léachtaí i gcomhar leis an tSéiplíneacht Anglacánach- 11 agus 18 Samhain

  • 1.30pm Céadaoin/Wednesday 11.11.09: “Protestants and Irish in today’s Northern Ireland”- Gordon McCoy.


  • 1.30pm Céadaoin/ Wednesday 18.11.09: “The Welsh Language today”- Andrew Jones.

Ionad/Venue: Gallery Chapel. Both lectures in English. All welcome.
Eolas: www.tcd.ie/gaeloifig and www.tcd.ie/chaplaincy

Ranganna Comhrá Gaeilge ar an Déardaoin

Beidh Ranganna Comhrá neamhfhoirmealta Gaeilge ar siul mar is gnáth amárach Déardaoin 5.11.09 i bhFoirgneamh na nEalaíon.

1. Rang do mhic léinn:
12.00- 1.00pm. Tá an rang seo teoranta do mhic léinn TCD, agus dírithe orthu siúd a bhfuil caighdeán réasunta Gaeilge acu. Ionad: Seomra 3126.

2. Rang do bhaill foirne:
1.00-2.00pm. Do bhaill foirne TCD. Ionad: Seomra 3051.

Slua maith i láthair ag seisiún Gairmeacha le Gaeilge

(This post describes an Irish language careers event held today in Trinity College).

Bhí slua maith i láthair inniu ag seisún eolais "Gairmeacha le Gaeilge", a reáchtáladh i gColáiste na Trionóide. Thug aoichainteoirí ó earnálacha fostaíochta éagsúla, ina bhfuil labhairt na Gaeilge mar bhuntáiste, léargas ar dheiseanna fostaíochta ina réimsí féin.

Labhair Robert Gunning, Aistritheoir le Coimisiún na hEorpa, faoi "Aistriúchán san Aontas Eorpach". Bhí Felim Borland, scríbhneoir le nós* i measc mórán cúraimí eile, ag caint faoi "Na Meáin agus cultúr". Thug an Dr Emer Ní Bhrádaigh, léachtóir le fiontraíocht i DCU, léargas ar "Forbairt agus Pleanáil Teanga", agus labhair Robert Smyth ón gcomhlacht Accenture ar "An Earnáil Phriobháideach". Bhí an Dr Eoin MacCárthaigh, Roinn na Gaeilge, i mbun cathaoirleachta ar an seisiún.

I ndiaidh na gcainteanna, fuair na mic léinn deis roghanna iarchéime a phlé le hionadaithe ó Fiontar, Acadamh na hOllscolaíochta, UCD, Nemeton agus ó Roinn na Gaeilge anseo i TCD. Bhí seastán ag na heagrais seo, agus bhí seastán ag an gCoimisiún Eorpach chomh maith. Bhí tae agus caifé ar fáil, agus seans píosa "gréasánaíochta" a dhéanamh.

Bhí an ócáid seo eagraithe ag an tSeirbhís Ghairmthreorach (Orlaith Tunney) i gcomhar le Roinn na Gaeilge agus Oifig na Gaeilge, TCD, agus an-áthas ar gach éinne gur éirigh chomh maith sin leis.